Fáilte go dtí Dámh na nDán, na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta
Fáilte go dtí Dámh na nDán, na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta
Cuireann Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta réimse leathan clár múinte ar fáil ag leibhéal na fo- agus na hiarchéime mar aon le cláir taighde d’iarchéimithe. Tá cúig roinn/scoil acadúla agus deich n-ionad nó ngrúpa taighde ag an Dámh agus tá dlúthbhaint aici le Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol agus Ie Lárionad na dTeangacha, Ollscoil Luimnigh.
Tá 18 chlár céime á dteagasc againn: Béarla; an Léann Eorpach; Fraincis; Gaeilge; Gearmáinis; Stair; Caidreamh Idirnáisúnta; Seapáinis; Iriseoireacht; Dlí; na Meáin Nua; Polaitíocht; Riarachán Poiblí; Socheolaíocht; Spáinnis; Múineadh an Bhéarla do chainteoirí teangacha eile (TESOL) agus Cumarsáid Theicniúil.
Cuirimid cláir iarchéime, idir chláir mhúinte agus chláir taighde, ar fail chomh maith ag na leibhéil seo: Dioplóma Iarchéime, Máistreacht agus PhD Struchtúrtha.